Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 444
- XML “Aontaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deich sgillinge eathorta sgaoiltear é i leath. Annsan deireann aon fear leis an fear eile 'Troim do lámh' agus deineann siad dhá leath de an deifriocht agus bhíonn an margadh déanta. Chuireann siad píosa éadaig in a mbhíonn dath ar, ar earbhall gach bó nó laogh nó gach saghas ainmhidhe eile, agus marcáltar na muca le píosa greise trucailleach nó le píosa cailce.
Bhíonn aonach mór i gCill-Orglain i mí Lúghnasa agus glaodhtar Aonach a Phuic air. Leanann sé ar fead trí lá, lá bailighthe, lá mór agus lá scaipithe.
Tagann tincéirí ó gach áird na Mumhan ann agus bíonn botháin agus campaí agus trucail acu in n-aice na sráide agus iad díol agus ag ceannach.
Bhíonn sluagh mór daoine ann idir óg agus aosta agus bhíonn gach aoinne ar a gnó féin ar maidin an aonaig. Bhíonn capaill agus asail, gabhair, ba, caoire, muca, crán muice, banbhaí, ba bainne agus ba seasga (seaschuighthe) ann.
Bhíonn aonach na n-iniún ann gach blian i gCill-Orglain ar an octmadh lá deug de Mí an Samhna. Bíonn a lán daoine ann agus bhíonn a lán iniún acu i mboscaíbh agus i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Labhaoise Ní Phóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Póil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí