School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe
  2. XML Page 328
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh.
    Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith.
    'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos.
    Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga.
    Tugtar Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta.
    Deineann muinntir na tuaithe cleamhnaisí i rith na h-Inide.
    Buachaill a bhíonn cun pósta, gheibheann sé cara nó gaol de féin - cainteóir maith cun an cleamhnais d'eunamh.
    Stócach a glaodhtar ar an bhfear san.
    Téigheann siad go tig an chailín agus buidéal 'na phóca ag an mbuachaill óg. Bíonn siad go grádhmar agus go gealgáireach i dtig an chailín.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Gender
    Female
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Rioráin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry