School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí fear ann fadó agus chuaidh sé ag an Aifreann. Sé an t Seanmóireacht a bhí ag an Sagart, rud ar bith a thiubhrfá do'n t Sagart go dtiubhrfá do Dhia é agus gcuirfeadh sé a sheacht noiread ann dhuit. Fear an-bhocht a bhí ann agus ní raibh aige ac aon bhó amháin. Dubhairt sé leis féin go dtiubhrfadh sé do'n t Sagart í agus thug mar bí súil aige go gcuirfeadh Dia a sheacht noiread ann dó. San oidhche nuair a bhí sé ina chodladh chuala sé an bhó ag géimnigh. Déirigh sé. Chonnaic sé í féin agus seacht gcinn eile leis an Sagart. Tháinic an-áthas air, mar shíl sé gur bé sin na seacht gcinn a chur Dia ann dó. Chuir sé an bhó agus na seacht gcinn eile ar an aonach. Nuair a déirigh an Sagart chuir sé an buachaill ag breathnughad ar na beithidhigh. Bhíodar imthighthe. "Rith go dtí teach Sheagháin," adeir an Sagart. "Seans gur b'í an bhó a lean said. Dfiafhruigh an buachaill do Sheáin ar tháinic an bhó. Dubhairt sé gur tháinic sí féin agus seacht gcinn eile agus gur chuir sé ag an aonach iad. D'imthigh an buachaill abhaile go dtí an Sagart agus chuaidh an Sagart go dtí Seáin. "Cé'n fáth ar dhíol tú mo cuid beithidheach," adeir sé. "Nár dhubhairt tú ó'n altóir Dia Domhnaigh, rud ar bith a thiubhrfá do'n t Sagart go gcuirfeadh Dia a sheacht noiread ann duit," adeir Seáin. Tiubhrfa mé párdún dhuit," adeir an Sagart. Bhí muc ag an Sagart agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Threasuidhe
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Úna Ní Threasuidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway