School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 052
  3. XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Pádraig”
  4. XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Mhic Dara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá Saoire mór é Lá'l Pádraic in Éirinn. Bhí siad ag caitheamh seamróg ina gcuid cótaí in-oinéir do Naomh Pádraic. Is leis an mbláth sin a theasbáin sé an creideamh fadó. Bíonn síad ag caitheamh uaithne ina gcuid cótaí freisean. Mar gheall go bé an chéad Árd Easbog a bhí ar Éirinn é caithtear an uaithne an lá sin dhó.
    Cuireann lá'l Páraic na Sean-Ghaedhib i gcuimhne dhóibh agus caitheann siad cláirseach an lá sin i gcuimhne do'n ghléas ceóil a bhí aca. Is maith le daoine as Éirinn atá imthighthe thar sáile an tSeamróg fhághail. Cuireann a muintir aca í. Bhiodh fuisce i chuile theach fadó. Bhiodh síad ag ól sláinte Phádraic.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Patrick (~140)
    Language
    Irish
  2. Lá'l Mhic Dara (16adh Iúil)
    Bíonn patrún sa gCeathramhain Ruaidh. Bíonn spraoidhe ag na daoine ann an lá sin. Téigheann go leor daoine gan Ceathramhain Ruaidh le a bheith ag an bPatrún. Bíonn rástaí sa gCeathramhain Ruaidh an lá sin. Bíonn milseáin ag na daoine. Bíonn síad ag déanamh go leor cleasanna. Lá'l Mhic Dara bíonn chuile dhuine ag ól. Bíonn ceol sa gCeathramhain Ruaidh an lá sin. Bíonn daoine thiar i gCuigéal an lá sin. Bíonn ól 's spraoidhe aca ann. Bíonn siad ag ceannacht milseán agus ubhlaí. Bíonn chuile dhuine ag ól an lá sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.