School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 099
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 099
- XML “Beatha na nDaoine sa tSeanaimsir”
- XML “Feoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Déanfadh síad cácaí fataí as na fataí bruithte. Ní bhíodh mórán plúr aca cor ar bith. Ní bhíodh mórán airgid aca le na cheannacht. Caithfeadh siad a bheith ag obair go cruaidh.
- Feóil.
Ní mórán feóla a h-ithtí fadó ar rí chorr-dhuine. I aimsir an droch shaoghail h-ithtí go leór dhe. Ní bhíodh aon bhlas eile acab. Marbhuigheadh gach duine a chuid bó agus chaithfidís an fheóil a roinnt. Dá mbeadh duine ann nach marbhóchadh a chuid bó. Ní thiubhrfadh na daoine eile aon fheóil dó. Déarfaidís leis ''fáigh bás go beo nó marbhuigh an bhó''. Is faoi Fhéile Mhártain is mó a bhíodh feóil aca. Bhíodh feóil ar 'chuile bainfheis. Bainfheis an ghortáin fataí is scadáin, bainfheis an duine chóir, fataí is feóil agus jam dearg. Ní beadh meas ar duine ar bith muna mbeadh na trí rudaí sin aige. Ní mórán tae a bíodh ann ach an oiread. An méid a bhíodh ann is íad na sean-daoine a d'fághadh. Ní bhfuigheadh na gasúir cead blaiseadh dhe. Is as muganna maide a dólaidís é. Ní bhíodh cupáin ar bith aca.- Collector
- Pádraic Breathnach
- Gender
- Male