School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 021
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 021
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé i n-a chomhnaidhe leis féin. Oidhche amháin agus ba í 'Fhéil Mártan a bhí ann, bí gé marbhuighthe aige. Chruinnigh cupla duine isteach ag cuartaidheacht. Bhí pleann déanta suas aca go ngoidfeadh siad an gé. Bhí siad féin agus an Sean-fhear ag cainnt 's ag comhrádh Sa deireadh d'éirigh siad le dhul abhaile. Chuaidh an sean-fear ag breathnughadh ar an ngé. Ní raibh a fhios ag an sean-fhear nach raibh na daoine imthighthe. Chuaidh duine de na fir ag an doras dúnta Chuaidh beirt aca ar bhárr an t Simléir. Bhí mapa tuighe leis an doras taobh istigh ag congbháil an fhuacht amach. Thosaigh an fear a bhí ag an doras dúnta ag tarraingt an mapa amach faoi iochtar an dorais. Shíl an sean-fear gurabh í an bhó a bhí ag ithe an mhapa. Sháith an sean-fear amach an maide leis an mbó a dhíbirt. Nuair a sháith sé amach an maide, rug an fear a bhí amuigh air agus chuinnigh sé greim air go raibh an ghé tugtha as an bpota ag an mbeirt a bhí ar bhárr an t-Simléir. Shíl an sean-fhear go raibh an bhó tachtuighthe ag an maide. Thosaigh sé ag fuagairt ós árd, "Maide i mbéal na bó," "Maide i mbéal na bó." Nuair a chuaidh an sean-fhear ag breathnughadh san bpota. deamhan gé a bhí le fághail aige. "Tá mo ghé bhreágh goidfidh ag duine éigin," arsa an(continues on next page)- Collector
- Pegí Ní Treasuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Threasuidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Female