School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 007
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal.
    Bhí sean-bhean ann uair agus bhí mac amháin aici. Níor mhaith leis an mac seo bheith ina chomhnuidhe. Dubhairt sé lena mháthair lá a dhul amach agus fiafrughadh de chrann coille cé’n cheird a bheadh aige. Ní raibh an choill i bhfad ón teach. Chuaidh an mháthair amach agus chuaidh sí timcheall an tighe. An fhad ’s bhí sí ag dul timcheall rith an mac amach agus bhí sé thuas sa gcrann roimpi.
    D’fhiafruigh sí de’n chrann cé’n cheird a thiubhradh sí dá mac. “Gadaidheacht”, adeir an crann. D’imthigh sí léithí annsin gan smid a labhairt níos mó.
    Tháinig an mac anuas as an gcrann agus rith sé trasna an bealach céadna agus bhí sé istigh sa teach roimpi. Nuair a tháinig sí isteach d’fhiafruigh sé dhi cé’n chéird a bheadh aige. “Gadaidheacht, a deir sé liom, ach níl mé féin sásta”, adeir an mháthair.
    D’imthigh an mac annsin faoi cheann cúpla lá. Casadh na scriosadóirí air agus d’iarr sé orra gadaidheacht a mhúnadh dhó. Thugadar leo é agus tháinigadar go dtí teach mór. Bhí gach a raibh sa teach ina gcodladh. Chuaidh siad suas ar an teach agus bhí ciseán mór aca. Dubhairt siad le mac na baintreabhaigh a dhul isteach sa gciseán agus go leigfeadh siad síos sa simléar é. Gheall siad dó go dtóigfeadh siad aníos é nuair a bheadh gach a raibh d’airgead sa teach aca. Chuaidh an mac síos.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Chualáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway