School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 054
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche Shamhna
    Tagann Oidhche Shamhna ar an oidhche dheireannach de Dheireadh Fóghmhair. Is gnáthach le gach duine cleas eicínt a dhéanamh an oidhche sin. Sí Oidhche Shamhna an chéad oidhche a dtosuigheann na sidheóga ag imtheacht. Milleann siad gach rud dá mbíonn ag fás sa Samhradh agus sa bhFóghmhar agus nach gcuirtear chor ar bith. Bíonn go leór cleasanna ar siubhal ins na tighthe an oidhche sin:-
    1. Líontar suas cíléar le h-uisce. Caithtear ubhla síos ann. An té a bheireas ar an ubhla le na bhéal beidh sé aige. Bíonn a t-ubhla ag snámh i mbarr an uisce agus ní féidir breith air nó go gcuirfidh tú síos go tóin an chíléir é. Is minic nuair a fáightear do chloigeann síos ann go mbrúighfar síos tuile é.
    2. Ceangluightear ubhla ar tháirngne freisean. Bíonn an táirngne daingne i mullach an tighe agus ruadhóg ceangluighthe ar an táirngne thuas agus ar an ubhla thíos. An té bheireas ar an ubhla le na bhéal beidh sé aige.
    3. Fáightear trí fó-chupán. Cuirtear uisce salach i gceann acu, uisce glan i gceann eile agus sa triomhadh ceann cuirtear créafóg. Cuirtear púicín ar dhuine agus má chuireann sé a lámh san uisce salach beidh baintreabhach aige, má chuireann sé a lámh san uisce glan bean óg a bheidheas aige, agus más sa gcréafóg a chuirfeas sé é caillfear é.
    4. Faightear bun gabáiste. Déantar poll treasna fríd ar a fhad. Bíonn an bun follamh istigh ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish