School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 001
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 001
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéalta.Bhí beirt dearbhráthar ann uair. Bhí duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Oidhche amháin bhí féasta i teach an dearbhráthar saidhbhir. Chuir sé buidéal fuisce go dtí an dearbhráthair bocht. Nuair a bhí sé ag ól an fhuisge, dubhairt sé, "tabhair dhom do shláinte, a mhí-ádh, ós tú atá againn le fada."
Déirigh an mí-ádh aníos as an teallach aige. "An bhfuil tú i bhfad annsin?" adeir sé . "Tá mé ann ó déanadh an teach," adeir an mí ádh "ach imtheóchaidh mé anois as agus beidh an t-ádh ort as seo amach." Bhí teach an shaidhbhir lán le daoine agus chuir sé a mháthair go dtí an dearbhráthair bocht. Thug sé cnámh dhi a bheadh sí ag ithe. Nuair a chonnaic seisean an cnámh sháith sé siad [!] i na muinéal é agus tacht sé í. Chuaidh sé go dtí an dearbhráthair saidhbhir annsin agus d'fiafhruigh cé'n fáth ar mharbhuigh sé a mháthair . Tháinic faitchíos ar an dearbhráthair saidhbhir agus thug sé trí chéad punt dhó as ucht gan é innseacht. Chuireadar annsin í. Thóg an dearbhráthair bocht arís í. Chuir sé i na seasamh ó's cómhair dorais an dearbhráthar shaidhbhir i. Chonnaic seisean í agus tháinic faitchios air. Chuaidh sé go dtí an dearbhráthair bocht agus d'fiafhruigh sé dhó, cé'n fáth a raibh sí ag teacht. Dubhairt seisean go mbeadh sí ag teacht go bhfuigheadh sí a cuid airgid. Cuir sé an t-airgead i mála faoi na muineál. Chuir siad aris(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Threasuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Treasuidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway