School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 062
- XML “Ainmneacha na mBailte - Poll Uí Mhuirinn”
- XML “Ainmneacha na mBailte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le feiceál fós taobh thiar don áit a raibh Donnchadh 'na seasadh. Chaith sé an dara cloc agus bhuail sé Donnchadh agus mharbhuigh sé é. Deirtear gur thuit Donnchadh anuas nuair a buaileadh é agus tá leach san ngarrdha ar thuit sé agus tá fuil uirri. Annsin tháinic Muirinn anoir agus thóig sé an baile agus tugtar Poll Uí Mhuirinn ó shoin air.
- Is é Poll Uí mo bhaile comhnaidhthe. Is baile beag é. Tá fiche agus a dó teach ann. Tá seacht dteach ceann slinne ann an chuid eile faoi thuighe. Is é an bhaile is fuide ó dheas san Oileán é. Tá mo bhaile lán le sean-daoine a bhfuil neart sean-sgéalta aca. Tá cuid aca indon cuir síos ar Imtheachtaí an Domhain Thoir is ar Imtheachtaí an Domhain Thiar. Tá Micheál Ó Cualáin ar dhuine aca. Pádraic Ó Loclainn. Seán O Cualáin. agus Siobhán Ní Chualáin, Michéal Ó Cualáin agus Nóra Ní Chualáin, Máire Ní Donnchadha, Máire Ní Lochlainn, Micil Ó Conghnaile, Máire Ní Bhéartha, Pádhraic Ó Culáin, Miceal Ó Gríobhtha, Colm Ó Lochlainn, Liam Ó Cualáin, Nóra Ní Chualáin agus Colm Breathnach. Tá a lán sean-bhallaí agus sean fhothracha i mo bhaile agus thíos in iochtar baile(continues on next page)