School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 050
- XML “Féilí na Bliana - An Nollaig”
- XML “Féilí na Bliana - Lá Bealtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Oidhche Nodlag Mór. Agus an duine a bhíos ag éisteacht leo caillfidhe é. Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oidhche Nodlag. Na daoine nach bhféadfa cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistean Oidhche Nodlag Beag.
- Bíonn go leor pisreóga ag na daoinibh Lá Bealtaine. Éireigheann daoine le h-éirghe na gréine ionanus go mbeadh síad ag éirghe go moch arís ar feadh an tsamhraidh. Sin é an nós is minicidhe a dheineann síad.Dá n-éirigheadh duine an mhaidin sin agus a éadan a nigheachadh(?) sa drúcht ní dhóighfeadh an ghrian ar feadh an tsamhraidh é.Goideann cuid de na daoine aoileach as scioból a chomharsan ionanus go mbeadh im ar feadh an tsamhraidh aca. An teach a mbeadh an mac is sine dá sliocht beo bíonn sé de nós ag an sliocht sin iachall a chuir ar an mac is sin bó a chomharsan do bhleaghan sul dá n-éirigheadh an ghrian ionanus go mbedh im aca ar feadh an tsamhraidh.Ní tugtar cead do aon duine aon teine(?) a thabhairt amach as an teach ná aon bhainne.Dá dtagadh duine isteach agus a phíopa a(continues on next page)