School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 092
  3. XML “Na Beithígh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá bhó againn sa mbaile. Tugann muid "Sceadóg" ar cheann aca agus "Suicín" ar an gceann eile. Bíonn siad istigh sa scioból chuile oidhche ar feadh an Gheimhridh. Bíonn rópa faoi na muiníl. Breideán a thugas muid ar an gceangal a bhíos orra. Bíonn leaba raithnighe fútha. Nuair a bhíos laogh aca cuirtear snáth dearg ar a n-iorball. Cuirtear brat ar a ndruim freisean.
    Tá dhá asal againn sa mbaile. Tugann muid Jack ar ceann aca agus Bess ar an gceann eile. Bíonn siad-san istigh freisean. Bíonn siad ceangluighthe. Adhastar a bhíos orra. Bíonn siad ceangluighthe sa ngarrdha freisean. Bíonn crumeasga orra. Bíónn rópa óna gcosa deiridh go dí na gcosa tosuigh. Bíonn buaithrín sgaithtí orra. Sin rópa idir an dá chos tosaigh. Raithneach a bhíós mar leaba futha sa sgioból. Nuair a bhíós muid 'ghá seoladh "Go on" adeireas muid. "Cheóch" a deireas muid leis na beithidhigh bhainne nuair a bhíós muid ghá seoladh. Tá laogh againn freisean. Nuair a bhíos muid ag blaodhach air deireann muid "Suc."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Breathnach
    Gender
    Male