School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 056
  3. XML “Féilí na Bliana - Lá na nAmadán”
  4. XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Mhic Dara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé lá na n-Amadán an chéád lá d'Aibreán. Bíonn na daoine ag déanamh amadán dá chéile an lá sin. Deireann síad le chéile, "Féach an fear atá ag dul anoir an bóthar". Má bhreathnuigheann aon duine soir tugtar, "Amadán Aibreáin" air. Bíonn na gasúir ag leanacht na sean-daoine ingach uile áit ag iarraidh amadán a dhéanamh díobh.
    Bhiodh na daoine ag dul thart fadó agus éadaigh aisteacha orra, lá na nAmadán. Bhídís ag ceól 's ag damhsadh ingach teach dá dteagaidís isteach ann. Bhiodh rópa aca agus í déanta de bhroibh. Chuiridís an rópa timcheall ar chloigeann duine ag rádh go raibh athartha an tinneas cinn ann. Chuiridís an rópa timcheall ar chloigeann chuile dhuine sa teach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Lá Fhéil Mhic Dara
    Tagann lá Fhéil Mhic Dara ar 16adh d'Iúil. Bíonn na daoine ag ól an lá sin. Téigheann na daoine as an áit seo siar ag Cuigéal agus ólann siad pórtar. Bíonn na gasúir ag ithe milseán. Is in onóir do Naomh Mac Dara atá an lá sin. Bhí Naomh Mac Dara ina chomhnuidhe i gCárna. Tá oileán i gCárna agus deirtear gurb é Oileán Mhic Dara é. Téigheann na daoine amach ann ag tabhairt turas. Deir na daoine má bhíonn sé ag báisteach lá roimh lá Fhéil Mhic Dara go mbeidh sé ag báisteach ar feadh dhá fhichid lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish