Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéalta

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bí fear ann fadó agus chuaidh sé ag an aifreann. Sé an t Seanmóireacht a bhí ag an sagart, rud ar bith a thiubhrfá do’n t sagart dtiubhrfá do Dhia é. Agus gciurfeadh sé a sheacht noiread ann dhuit. Fear an-bhocht a bhí ann agus ní raibh aige ac aon bó amháin. Dubhairt sé leis féin go dtiubhrfadh sé do’n t sagart í agus thug mar bí súil aige go gcuirfeadh Dia a sheacht n-oiread ann dó. San oidhche nuair a bhí sé ina chodladh chuala sé an bhó ag géimnigh. Déirigh sé. Chonnaic sé é féin agus seacht gcinn eile leis an sagart. Tháinic an-áthas air, mar shíl sé gur bé sin na seacht gcinn a chur Dia ann dó. Chuir sé an bhó agus na seacht gcinn eile ar an aonach. Nuair a déirigh an sagart, chuir sé an buachaill ag breathnughad ar na beithidhig. bhíodar imthighthe. “Rith go dtí teach Seagháin”, adeir an sagart. Seans gur b’é an bó a lean said. Dfiafhruigh an buachaill do Sheáin ar tháinic an bó. Dubhairt sé gur tháinic sí féin agus seacht gcinn eile agus gur chuir sé ag an aonach iad. D’imthigh an buachaill abhaile go dtí an sagart agus chuaidh an sagart go dtí Seáin. “Cén fáth ar dhíol tú mo cuid beithidheach,” adeir sé. “Nár dhubhairt tú ó’n abtóir Dia Domhnaigh. Rud ar bith a thiubhrfá do’n t sagart go gcuirfeadh Dia a seacht noiread ann duit”, adeir Seáin. Tuibhrfa mé párdún dhuit”, adeir an sagart. Bhí muc ag an sagart agus….

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Threasuidhe
Inscne
baineann
Seoladh
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Úna Ní Threasuidhe
Gaol
tuismitheoir
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge