Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Ainmneacha Garraithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leór garradanta ar fud na tíre agus níl garrdha ar bith aca gan ainm. An méid garradhanta atá timpeall an tighe againn tá ainm faoi leith orra .
    Garrdha na mBád: Mar bíonn báid feistighthe ann.
    Garrdha Mhicil Ó Coighin; Mar bhí sé ag an bhfear sin fadó.
    An Garrdha Árd; Mar tá Cnocáin árda ann.
    An Garrdha Doimhin; Mar tá gleannta deimhne ann.
    Cnocán an Báire; Mar bhiodh daoine le feiceál fadó ann ag bualadh báire.
    Cloch an Troighlic; Cloch mhór atá ann ina dhá leith. Bhí fear ag tarraingt fheamuinne san áit sin fadó. Ba é lá Naoimh an Domhain a bhí ann agus níor cheart dó bheith ag obair. Tháinig múr báistighe agus chuaidh sé isteach faoi'n gcloch ar foscadh. B'fhada leis an t-achar a bhí sé ina choinnuidhe ag an mbáisteach agus thosuigh sé ag easgaine. Phléasc an toirneach agus rinne sí dhá leith de'n chloic agus mharbhuigh sé an fear. Níor déanadh tada ar an gcapall a bhí aige.
    Caorán na gCearc; Áit a mbíodh cearca fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Droim, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann