Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Ainmneacha na mBailte”
  4. XML “Ainmneacha na mBailte - Seana Comh Mheas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ins an áit ar a dtugtar an sean-bhaile tá sé daithte leó. Deir na sean-daoine seo nach raibh teach ar bith ins an áit na bfhuil anois Gur ar an sean-bhaile a bíodh a raibh ar an mbaile ina gcomhnaidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá Seana Comh Mheas i bporráiste na Ceathramhain Ruaidhe. Tá sé theach déag ann. Tá ceithre theach ceann slinne ann agus aon teach déag ceann tuighe agus teach amháin ceann soinc. Tá naoi mballa sean tighthe ann. Tá Loch Lobart ann. Tá ceathar o's cionn 70 blian, Liam Mac Donnchadha, Pádraic Ó Maoláín, Maighréad Ní Threasaidhe agus Siobhán Ní Threasaidhe. Tá go leór sgéalta agus tuaiseanna ag na sean ndaoine atá ann. Siad is fearr sa bparráíste. Siad clann Dhonnchadha an dream is fairsine ann. Don Druim a tháinic a m athair. Rinne sé teach i Seana Comh Mheas. Rinne a chlann cupla teach eile ann agus a dearbhráthair. Bhí fear do na Threasaidhe ina chomhnaidhe thíos i n-iochtar baile. Bhí triúr mac aige. Rinneadar tighthe dóibh féin. Tá trí chlann Conghnaile ann. Aon dream amháin iad féin agus na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Garmna, Co. na Gaillimhe