Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 140
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Is deas an sagairtín é stór mo chroidhe ¶ Is aoibhinn do'n phobal a dtéigheann sé thríd”
Is deas an sagairtín é stór mo chroidhe
Is aoibhinn do'n Phobal a dtéigheann sé thríd.
Tá brath ó Mhuire air 's seala ó Chríost
'S brón ar a father a rinne bráthair díot.
(11)
Éist, eist, a bhidoigín 's ná gol deóir
Ní duit a rugadh mé ná daon bhean beó.
Baistidh do leanbh duit le congamh Dé
'S dá mbéadh breith an maith-bhéala
Bhéinn agat dhíot féin.
(111)
Sgéal ar an ngrádh úd ariamh a thug é.
Do mhac na mná úd ariamh nár choinnigh é.
Mo chroidhe in mo lár 's go fhóga tú dubh é
'S ní fheicfidh mé ar an tsráid seo indé ná indiu é.
(1V)
Lá an oidhche seo dorcha 's tá sé fuar
Tá sí ag goilimhint ar mo chroidhe an- mhór
Ní thiocfa mé abhaile le dul ar cuairt .
Go gcaithfidh mé an oidhche amáireach le mo ghrádh cois cuain
Bhí grádh agam do mo Dhadaí istigh i mo chroidhe.
Ba mheasa liom mo mháithrín na mná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Treasaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Siubhán Ní Threasuidhe
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann