Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Sé mo mhíle slán le Éire bhocht ba dheas é an t-Earrach fhéin

    Amhrán [[Amhrán an Bhá / Curachaí na Trá Báine]]
    I
    Sé mo mhíle slán le Éire bhocht ba dheas é an t-Earrach fhéin.
    Ní raibh cainnt ar obair basanna ann, ná rud ar bith mar é.
    Bhíodh muid seal ag tarraingt fheamuinne, ag cur fhatai 's ag baint fhéir
    'S ní raibh fear ar bith dá bhoichte ann, nach raibh feilm aige dhó féin.
    II
    'S nuair a bhí teach agamsa, céad faríor níor fhan mé ann.
    Ach anois nuair atá mé sgartha leis, gan ceó ar bith dá bhárr.
    An fear a coingbheóchadh ceart dhom, chéad faríor fuair sé bás.
    Ach a dearbhráthair ó mo bheannacht leat, sé do cliabhain atá ain n-áit
    III
    Nach suarach an rud a cháil mé leis, dearbhráithreacha mo chroidhe
    Iad a duil go Gaillimh i gcuarrachaicín, 's a gcur ó mhaoin go maoin.
    Dá gcuirtí ins an rilic iad, ní cuirfinn ann leath cás
    Ach dá mbualadh faoi na carraigeacha, 's dá gcur ó áll go háll
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Threasuidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Threasuidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe