Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Amhrán na Trá Báine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán na Trá Báine

    Níl ins san gcuinnuighadh acht aon bhaile amháin ¶ Baile ár sinnsear, baile an tráigh bháin

    Níl ins san gcuinnuighadh acht aon bhaile amháin
    Baile ár sinnsear, baile an tráigh bháin
    Is luath liom a bhéas éaluighthe uaim mo aruinn 's mo bhríg
    Nuair a snaoinim ar an mbaile úd seadh thógfas mo chroidhe.
    II
    Ar mullach na h-all Uinigh dhom maidin bhreág chiúin
    Seadh is mian liom a bheith ag féachaint ar lonnradh an chuain
    Na tonnta ag rigeadh i gCuan an fhir mhóir
    Ó churra na tráig báine go Cnoc Leitir Móir
    III
    Sé an t-amharc breág áluinn atá ann ó gach taobh
    Ó shléibhte Thiar - Chonnacht go h-Árainn na naomh
    Idir srutháin 's gleannta 's locha glan glé
    Níl aon áit níos deise fá fhlaithais Dé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann