Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 062
- XML “Ainmneacha na mBailte - Poll Uí Mhuirinn”
- XML “Ainmneacha na mBailte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le feiceál fós taobh thiar don áit a raibh Donnchadh 'na seasadh. Chaith sé an dara cloc agus bhuail sé Donnchadh agus mharbhuigh sé é. Deirtear gur thuit Donnchadh anuas nuair a buaileadh é agus tá leach san ngarrdha ar thuit sé agus tá fuil uirri. Annsin tháinic Muirinn anoir agus thóig sé an baile agus tugtar Poll Uí Mhuirinn ó shoin air.
- Is é Poll Uí mo bhaile comhnaidhthe. Is baile beag é. Tá fiche agus a dó teach ann. Tá seacht dteach ceann slinne ann an chuid eile faoi thuighe. Is é an bhaile is fuide ó dheas san Oileán é. Tá mo bhaile lán le sean-daoine a bhfuil neart sean-sgéalta aca. Tá cuid aca indon cuir síos ar Imtheachtaí an Domhain Thoir is ar Imtheachtaí an Domhain Thiar. Tá Micheál Ó Cualáin ar dhuine aca. Pádraic Ó Loclainn. Seán O Cualáin. agus Siobhán Ní Chualáin, Michéal Ó Cualáin agus Nóra Ní Chualáin, Máire Ní Donnchadha, Máire Ní Lochlainn, Micil Ó Conghnaile, Máire Ní Bhéartha, Pádhraic Ó Culáin, Miceal Ó Gríobhtha, Colm Ó Lochlainn, Liam Ó Cualáin, Nóra Ní Chualáin agus Colm Breathnach. Tá a lán sean-bhallaí agus sean fhothracha i mo bhaile agus thíos in iochtar baile(leanann ar an chéad leathanach eile)