Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Féilí na Bliana - An Nollaig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí féile mhór sa Nodlaig. 1. Lá Nodlag mór. 2. Lá Nodlag beag. 3. Lá Chinn an Dá lá dhéag.
    Roimh an Nodlaig téigheann na daoine ag na siopaí agus ceannuigheann siad trucáistí na Nodlag. Faghainn siad Christmas Box. Fághann siad coinneal mhór, currants, tae siucra. Fáigheann cuid aca shawl dubh. Bíonn coinneal ar gach fuinneóig ins gach teach Oidhche Nodlag agus Oidhche Nodlag beag agus bíonn dhá choinneal dhéag lásta oidhche Chinn an Dá lá dhéag. Deirtear go mbíonn an Maigdean Mhuire ag dul thart Oidhche Nodlag agus lastar na coinnle le solas a thabhairt dhí. Bíonn féasta mór in chuile theach Oidhche Nodlag. Bíonn cácaí milse agus im, sugh agus ubhall. Fágann siad coinneal lasta ar feadh na hoidhche. Bíonn gé nó turkey le na bhéile ag gach Lá Nodlag. Lál Stiopháin bíonn siad ag imtheacht leis an dreóilín. Bíonn siad ag damhsadh agus ag casadh phuirt. An fear a mbíonn an dreóilín aige deireann sé, “Dreóilín, dreóilín rí na n-éan, lál stiopháin geineadh é. Is mór a mhuinntir is beag é féin agus dá bhfuigheadh sé capaire damhsóchadh sé”. Nuair a bhíos siad ag rádh an pháidrín Oidhche Nodlag beag leagann siad dealbh na Maighdine Muire ó’s a gcómhair. Cuireann na gasúir a gcuid stocaí suas ag Santa Clás. Fágann siad rudaí deasa uaidh. San am fadó nuair a bhí Íosa ag bainfheis d’athruigh sé uisce go fíon. Deirtear go mbíonn an t-uisce ina fhíon ag an 12 a chlog Oidche Nodlag Beag. Bíonn na hainmhidhthe ag cainnt le chéile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Nollaig (~455)
    Teanga
    Gaeilge