School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 003
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ionghantach an fheadóg í," adeir sé. Cheannuigh sé uaidh í ar dhá chéad punt. Chuaidh sé abhaile agus spáin sé dá bhean í. Bí sí ag troid leis. Thug sé leis an rásúr agus ghearr sé a muineál. Shíl sé í dhéanamh beó leis an bhfeadóg, ach níor fhéad sé. Rith sé go dtí an dearbhráthair bocht. Rug sé air. Chuir sé síos i mála é le na bháthadh. Ar a bhealach chuaidh sé isteach i dteach ósta. Leag sé an mala taobh amuigh. Bhí an dearbhráthair bocht ag rádh, "nach aoibhinn Dia dhom ag dul go flaitheamhnas Dé ar ball." Bhí fear ag dul thart a raibh dhá chéad bó aige. Cuala sé é. Dubhairt sé leis, é féin a leigean ann. "Ní leigfe," adeir se, "bféidir nach bhfuighinn féin an deis arís." Thug sé dhó an dá chéad bó as ucht é a leigean ann. Tháinic an fear eile amach as an siopa. Thug sé leis an fear a bhí sa mála agus bháidh sé é. Lál na bháireach chonnaic sé an dearbhráthair bocht ag dul thart agus dá chéad bó aige. "Shíl mé gur bháidh me indé thú," adeir sé. "San áit ar chaith tú mé, bí go leór beithidhigh ann." "Caith mise ann agus gheobhfaidh mé féin an rud céadhna," adeir sé. Thug an dearbhráthair bocht leis é agus chaith sé san áit chéadhna é. Báthadh é. Bhí chuile short aige féin annsin.
- Collector
- Máire Ní Threasuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Séamus Ó Treasuidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe