School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 253](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_253.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 253
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 253
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leamhchoill timcheall trí sgór go leith blian ó shoin. Ní bhfuaireadar mórán airgid as ach beagán a thug an sagart párráiste beagáin dóibh. An Sean-Bhóithrín a tugtar air.
Tá Bóthar Leitir-Righe ag rith ó’n gcros-bhóthar go Finnisglen. Is deas an bóthar é mar coinnigheadh cóir air go dtí lé goirid. Tá sé déanta le timcheall trí sgór blian. Rinne muinntear Chéadach é agus fuaireadar cúig púnt agus sgór sa mblian as.
Tosuigheann bóthar eile ag críoch Bóthar Leitir-Righe agus tá sé ag dul isteach go Doirethuirc anois. Ní raibh sé ach ag dul chómh fada lé Sliabh-an-Aonaigh i dtosach ach cuireadh píosa as lé goirid. Cuireadh caoi air lé tamall anois. Tá sé déanta lé timcheall dhá sgór blian go leith ó shoin. Bóthar Sliabh-an-Aonaigh an t-ainm atá air.
Tá bóthar eile ag dul isteach go Liath-Leitir ar a dtugtar Bóthar Liath-Leitir. Tá sé déanta timcheall lé céad blian. Níor cuireadh aon chóir air lé deich mblian ó shoin agus tá an locht sin air anois.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bháinn
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Báinn
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway