School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Bodairlín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí baintreabhach ann fadó agus ní raibh aici ach aon mhac amháin. I bhfad uatha agus ní i ngar dóibh bhí fathach mór i na chomhnuidhe agus bhíodh sé ag dul thart ag cruinnniú gasúir bheaga le haghaidh a bhéilidhthe. Lá amháin bhí sé ag dul thart agus isteach leis go dtí máthair Bhodairlín ach bhí Bodairlín i bhfolach aice. Bhuail sé ag an doras agus dúbhairt sé "Faighim bolath an Éireannaighe bhréagach bhradach is mór liom de ghreim é is beag liom de dhá ghreim é. Níl fhios agam céard a dhéanfadh mé leis mar a gcuirfinn de shéideog san aer é nó faoi mo chosa sa lathach, ach sgaoil amach chugam é nó go dtairnigh mé tríd na fiacla fada fuara é. D'osgail máthair Bhodairlín an doras dó agus tháinic

(continues on next page)
Collector
Aíne Ní Bhriain
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Informant
Bairbre Ní Suilleabháin
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish