School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 022
  3. XML “Mar a Rinne Peigí Beart ar na Fir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus sé an t-ainm a bhí uirthi Peigí. Ní raibh sí pósta ach bhí sí i ngrádh le triúr fear. Táilliúr figheadóir agus feilméir talamhaidhe. Chuile Dhomhnach tar éis an Aifrinn tagadh an triúr ag breathnughadh ar Pheigí. Bhíodh sí meadtha aca agus réidhtuighadadh bídh dóibh.
    Lá amhain bhí Peigí istigh agus dubhairt sí go bhfeicfeadh cé'n sórt daoine a bhí ins na fir agus cé'n sórt teach a bhí acu. Chuir sí uirthi an t-eadach is giobalaighe a bhí aici agus leig sí uithi gur tinncéir a bhí innti.
    Chuaidh sí go dtí teach an táilliúra agus d'iarr sí greim le n-ithe. "Dheamhan greim sa teach agam go dtiocfaidh mo mháthair ón siopa, tabhair dom cuid den na píosaí go gcuirfeadh mé ar mo chuid éadaigh iad a deir Peigí leis an táilliúr agus thug. Annsan tháinic sí go dtí teach an fhigheadóra agus d'iarr sí greim le n-ithe. "Níl aon ghreim agam go dtiocfaidh mjo mháthair ón siopa" tabhair dom cuid de na fuagaibh le mo chuid éadaigh a fhuagháil. Thug sé sin di. Chuaidh sí go dtí teach an talmhaidhe agus d'iarr sí greim le n-ithe.
    Bhí máthair an talmhaidhe ag gearradh sgiolán i gcor eile den teach agus dubhairt sí le Peigí fanacht n-éiridhe leithí féin. Fanfaidh a deir Peigí. Nuair a tháinic am dinnéir fuair Peigí plata maith gabáiste agus feola. D'imthigh Peigí tráthnóna De Satharn agus tar éis ama Aifrinn Dé Domhnaigh tháinic an figheadóir an tailliúr agus an talmhaidhe. Réidhthigh Peigí dinnéir dóibh. Chuir sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ních Bhríain
    Gender
    Female
    Informant
    Bairbre Ních Shuilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway