School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 056
  3. XML “An Fáth a bhFuil Olann ar an gCaora agus Fionnadh ar Ghabhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá amháin bhí saighdiúirí ag toruigheacht Íosa is bhíodar ag teacht suas leis, is ní raibh aon áit le dul aige ach isteach i mbolg gabhair a bhí ar an sliabh.
    Nuair a d'airigh an gabhar É thosuigh sí ag méidhleach is ag imtheacht fíadháin.
    Bhí fhios ag na saighdiúirí gur i mbolg an ghabhair bhí Íosa is lean siad an gabhar is sheas an gabhar gur rug siad uirthi. D'imthigh Íosa i ngan fhios do na saighdiúirí is chuaigh sé i mbolg na caorach. Luighe an chaora síos is thosaigh sí ag cangailt a círe is ní raibh fhios ag na saighdiúirí cé raibh Íosa is caitheadh ar an tóir tabhairt suas.
    Bhíodh olann deas bhog ar an ngabhar an t-am sin is bhí fionnadh fada fíadháin ar an gcaora, ach d'athruigh Íosa é an t-am seo is chuir sé olann ar an gcaora is fionnadh ar an ngabhar is is mar sin atáid go dtí an lá indiú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    3. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bríain
    Gender
    Female