School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 024
  3. XML “Gadaí Dubh Ó Dubháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a bhean agus phós sé arís. Bhí ann gráin aici ar an triúr mac agus ba mhaith leithe iad a chur chun báis. Chuaidh sí féin agus iad fein ag imirt cartaí agus chuir sí faoi gheasa iad gan an dara béile a ithe ar aon bhord ná an dara oidhche a chodladh ar aon leaba nó goj dtiubradh siad stal na gclog a bhí sa domhain thoir go dtí an teach aici.
    Bhí an triúr mac brónach go leor agus d'inis an triúr mac an sgéal dó agus bhí an t-athair ann bhrónach freisin. Chuir sé an bhean i seomra fuar dorcha agus dúirt sé leithe nach bhfágadh sí é go dtiocfadh an triú mac abhaile go dtí é. D'imthigh leo an chéad lá eile agus bhí siad ag siubhal leo agus casadh fear orthu sa deire agus bhí sé bacach. Cá bhfuil sibh ag dul? Tá muid ag dul go dtí an domhain thoir go ngoididh muid stal na gclog agus go dtiubhradh muid abhaile ag ár leas mháthair é. Is deacair sin a dhéanamh agus is fearr díbh mise a leigean i n-éindigh libh mar tá mé indan gaididhe a dhéanamh níos fearr ná sibhse. Is mise gadaidh dubh ó dúbháin nó ar chual sibh ariamh trácht air. Chualas ár n-athair agus sean daoine eile ag caint ort go minic.D'imthigh leo annsin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Máille
    Gender
    Male
    Informant
    Liam Ó Máille
    Gender
    Male