School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí Rí ann agus bhí sé an-saidhbhir. Lá amháin tháinic fear chuig an doras chuige agus bhí go leor rudaí ar iomcur aige i gciosán. I dtaobh an ciseán chonaic an Rí páipéar a raibh rud éicínt ann. D'fhiafruigh sé den fhear céard a bhí ins an bpáípéar. Dúbhairt an fear gur púdar agus go bhféadfá crot ainmhí ar bith a chur ort féin le cuid den phúdar sin a chur in do shrón agus umhlúghadh fá thrí agus Mutabor a rádh. Cheannuigh an Rí an púdar ansin agus lá ar na mhárach chuaidh sé féin agus ard shearbhóint a bhí aige amach faoin gcoill ag siubhal agus thugadar leo an bosga púdar.Ní raibh i bhfad siúbhalta aca nuair a chonaiceadar dhá ........ bán in aice locha. Dúbhairt an Rí leis an bhfear eile go ndéanfaidís dhá ....... díobh féin agus go mbeadh fhios aca céard a bheadh an dá ....eile seo a rádh. Rinneadar na ..... díobh féin ansin agus bhíodar dá marbhadh féin ag gáire faoin gcrot deas a bhí orra. Ansin nuair a bhíodar tuirseach ag(continues on next page)
- Collector
- Colm Sóige
- Gender
- Male
- Informant
- Bríghidh Soíge
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway