School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 034
  3. XML “Scéal faoi Fhear agus an tÉinín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí bean agus fear pósta agus bhí beirt ghasúr aca. Bhí siad an-bhocht. An lá seo chuir an t-athair agus an mháthair an bheirt ghasúr amach ag baint sguaba marbhí paighe maith le fágháil aca oraibh an uair sin. Nuair a bhain siad an chéad sguab d'éirigh éinín amach agus lean siad é.. Bhí siad dhá leanmhaint go raibh sé 'na oidhche. Ansin chuaidh siad abhaile chuir an t-athair agus an mháthair a chodladh iad gan aon suipéar. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chuaidh an t-athair in éindigh leo agus nuair a bhain sé féin an chéad sguab d'éirigh an t-éinín agus thosaigh an t-athair gá leanmhaint agus is gearr gur thuit sé'na oidhche agus chuaidh sé abhaile. Ansin dubhairt an mháthair gur ceart an rud céadhna a dhéanamh leis féin agus a rinneadh leis na gasúir an oidhche roimhe sin. Ar maidin nuair a d'éirigh siad chuaidh an mháthair in éindigh leo agus nuair a bhain sí an chéad sguab d'éirigh an t-éinín agus lean sí é. Chinn uirthi teacht suas leis, séard a rinne sí an cóta a bhaint di agus é a chaitheamh ar an éinín. Fuair sí greim air. Thug sí abhaile é. Ní raibh aon sgoil aice agus bhí rud sgríobhtha faoina sgiathán agus ní raibh sí in ann é a léamh. Bhí an oiread bródh ar na gasúir agus go ndeacha siad a chodhladh gan aon suipéar. Ar maidin nuair a d'éirigh na gasúir céard a fuair siad ar an urlár ach ubh óir. D'éirigh an t-athair agus thug sé chuig an gabha geal é agus fuair sé scór punt uirthi. Lá ar na bhárach bhí ubh eile aice
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ních Confhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid Ních Confhaola
    Gender
    Female