School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 079
  3. XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí in Éirinn fadó agus ní raibh sé i bhfad pósta nuair a fuair a mhnaoi bás agus bhí seisear páistibh fágtha ina diaidh aice.
    Ba ghearr aríst gur phós an Rí agus bhí an leas mháthair an-lághach leis na páistí. Bhídís ag bualadh báire go minic.
    Lá amháin bhí an leas mháthair agus na páistí ag bualadh liathróid binne.
    Ba ghearr go ndeacha éan órdha thart. Chaith an mac ba shine maide leis an n-éan agus bhain sé cleite as a sgiatháin. Nuair a thóg sé an cleite agus bhí solus ag teacht as chomh soilseach leis an ngrian. Thug sé isteach an cleite ag a leas mháthair. Nuair a chonaic sí an cleite d'fhiafruigh sí de cé bhfuair sé an cleite agus dubhairt sé gur éan a chuaidh thart agus gur chaith sé a mhaide léíthe agus gur bhain sé an cleite sin aiste.
    Ansin dubhairt an leas mháthair "Cuirim faoi gheasa thú gan an dara oidhche codladh ar do leabaidh gan an dara béile ithe gan mhéis nó go dtugadh tú an t-éan sin chugam".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Seoighe
    Gender
    Male