School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Page 073
- XML “Scéal faoi Bheirt Seanfhear a Bhí ann Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt seanfhear ann fadó agus bhíodar an-bhocht.
Lá amháin chuaidh duine aca ag glanadh an sgioból agus fuair sé giní bhuidhe ar urlár an sgiobóil. Thug sé isteach é agus chuaidh sé ag iarraidh mála plúir.
Nuair a thainic sé abhaile dubhairt sé leis an seanfhear eile "cuir síos cáca" ar seisean. "Ní chuirfidh mé" ar seisean. "Cuirfidh mé féin síos mar sin é" ar seisean. Chuir sé síos an cáca.
Nuair a bhí sé in am é ionntú "Cé ionntós an cáca" ar seisean. "Ní ionntóidh mise é" arsa an seanfhear eile.
"Ionntóidh mé fein é" arsa na seanfhear eile agus b'éigean dhó féin é a ionntú.
Nuair a bhí sé in am é thógail dubhairt an seanfhear "cé tógfhas an cáca". "Ní thógfaidh mise é" arsa an seanfhear eile agus b'éigean dhó fein é thógáil.
Nuair a bhí an cáca leagtha ar an mbord léim sé anuas agus amach an doras. Ba ghearr a chuaidh sé nó gur(continues on next page)- Collector
- Colm Seoige
- Gender
- Male