School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé in amadán.
Lá amháin chuir a mháthair in na n-aonaigh é le bó a dhíol. Dubhairt sí leis gna é a dhíol gan an phinghin ab aoirde ar an margadh a fhágháil ortha. Nuair a chuaidh Tomás isteach ar an aonach tháinic fear chuige ag fiafruigh cé mhéid a bheadh sé ag iarraidh ar an mbó.
Dubhairt Tomás an pinghin ab aoirde ar an aonach.
Chuir an fear suas pinghin ar bharr bata.
"Anois" ar seisean "sin í an phinghin is aoirde. Thug Tomás an bhó dó.
Nuair a bhí Tomás ag teacht abhaile bhí an lá ag báisteach agus chonaic sé crann beag ar leath-taobh an bhóthair. Chaith sé a chóta mór ar an gcrann. Ba ghearr a bhí siubhalta aige nuair a chonaic sé nóinín beag fliuch báite. Chaith sé a chasóg ar an nóinín.
Ba ghearr arís gur casadh asal dó.(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male