School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Scéal faoi Oiread Ceann Mordhóig

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aca agus ní raibh ann ach oiread ceann moirdóig agus sé an t-ainm a thugadh chuile dhuine air Oiread Ceann Mordóig. Lá amháin chuir a mháthair é le dinnéar chuig fir a bhí ag obair. Chuir sí an dinnéar síos i gcliabh. D'imthigh leis ansin ach nuair a chonaic na fir ag teacht é rith siad féin. Séard a rinne Oiread Ceann Mordóig casadh abhaile. D'inis sé dhá mháthair é. Ansin chuaigh a mháthair leis an dinnéar agus dubhairt sí le Oiread Ceann Mordóig aire a thabhairt don bhó. D'imthigh sí léithe ansin agus chuaigh Oiread Ceann Mordóig ag tabhairt aire don bhó. Tháinig Oiread Ceann Mordóig go dtí cupóig agus chuaigh sé isteach faoi an chupóig. Ní raibh sé i bhfad mar sin nó go dtáinig an bhó agus d'ith sí an chupóig. D'ith sí Oiread Ceann Mordóig in éindigh leis an chupóig. Nuair a tháinig a mháthair abhaile thosuigh

(continues on next page)
Collector
Siobhán Ní Confhaole
Gender
female
Language
Irish