School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear caol dubh 'na sheasamh ar mhullach an chnuic, is gach a bhfuil de photógaibh ina chorp ar creathadh leis an olc.
Freagra: Gunna.
Tháinic ceithre chosa isteach, chuaidh cúig chosa amach, chaith dhá chois trí chois ag iarraidh an chois a chuaidh amach a thabhairt isteach.
Freagra: Caora a mharbhuigh fear an tighe is sgiob an gadhar ceann dá chuid cosa is chaith fear an tighe stól trí cosa leis an ngadhar ag iarraidh cois na cois na caorach a bhaint de.
Gilín ó Gil thar farraige anoir fear innsint mo sgéil gan féith ná fuil.
Freagra: Litir.
Sheas mé amach i ndoras mo Dhaideó agus chonaic mé an rud marbh ag iomchur an fhir bheo.
Freagra: Bás.
Ceathrar cloinne a chuaidh ag baint slat an tslat a bhaineadar, chaitheadar uathu é agus an tslat nár bhaineadar thugadar leo é.
Freagra: Ceithre ghé.
Chuaidh mé ins coille ag iarraidh carr aghmuid, thug mé abhaile craol cairr de agus ní raibh orlach de cam nó díreach. Minn ságha.
Mult iarainn agus ruball olann as.
Freagra: Snáthad Mór.
Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Bhriain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway