School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag dul ag pósadh is tháinic an slaghdán uirthi.
D'éirigh sí ar maidin agus bhí sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh a máthair di ceard bhí uirthi. Dubhairt sí go bé an slaghdán . Thosuigh an mháthair ag caoineadh ansin. Niorbh fhada gur éirigh an t-athair is d'fhiafruigh díobh céard bhí orthu. " Ó tá Máire tinn is ní fhéadfadh sí pósadh indiu". Thosaigh an t-athair ag caoineadh é fein. Is gearr go dtainic an fear bhí le pósadh agus chonaic sé an triúr ag caoineadh is d'fhiafruigh sé díobh céard bhí orthu.
Dubhairt siad go raibh Máire tinn is nach bhféadfadh sí pósadh indiu. Ansin dubhairt sé nach bhféadfadh sé pósadh go deo go bhfeicfeadh sé trí amadán chomh mór leo. d'imthigh sé leis ar thóir na n-amadán agus sé an chéad duine a casadh leis ná fear a raibh a bhríste caite de aige.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhrian
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Brian
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway