School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Climsín taobh istigh den chlaidhe climsín taobh amuigh den chlaidhe má bheireann mé ar an gclimsín bhéarfadh an climsín orm.
Neantóg.
Is cruinne é ná do cheann, is sia é ná na mílte crann.
Cirtlín Snátha.
Donndaca dubh ar an drisiúr agus é dhá thachtadh.
Buidéal agus corca ann.
Siúd ar d'aghaidh é agus pus air.
Croch.
Mo dhadó ar chúl an córtha agus dhá chéad cóta air.
Gas gabáiste.
Mo dhadó bocht bocht is a mhaide faoina ucht agus é dul ag gól deoch i dtobar na fiasoga.
Spigneanta.
Cnap sáile faoi bun coille agus gan aon easna air.
Seilmide.
Céard is duibhe ná an fiach dubh.
Cuid clúmhaighe.
Corcán óir lán d'fheoil beo.
Méaracán.
Cén chuid den bhó is aoirde.
A géim.
Cén fáth a mbreathnuigheann an bhó thar an gclaidhe. Ní féidir léi breathnú faoi.
Cé mhéid gob a bhuaileann cearc ar an urlár go mbeidh sí sáthach.
Aon ghob amháin.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Bhriain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway