School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lommra.
Fata a chur in do bhéal.
Dhá bhó bhuidhe ar thaobh an chnuic, ceann san oidhche agus ceann sa ló.
An ghealach agus an ghrian.
Cé mhéad gob a bhuaileas cearc ar an urlár go mbeidh sí sáthach.
Aon ghob amháin.
Chonnaic beirt é, bhain cúigear é, changail dáréag é agus leig aoinne amháin siar é.
Ubhall.
Sioc samhraidh is annamh ann é agus bain ainm mná as sin.
Áine.
Chuir mé slat aréir agus d'fhás sí go mullach an aer.
Teine.
Ceathrar ar crith, ceathrar i rith, beirt ar an nGorumna agus fear eile ag béiceadh agus aon fhear amháin ag rith ar an méid sin.
Bó ag rith le teaspach.
Chonnaic fear gan súilibh ubhlaí ar chrann, níor thug sé ubhlaí as agus níor fhág sé ubhlaí ann.
Ní raibh ar an gcrann ach péire.
Céard is duibhe ná an fiach dubh.
A chuid clumhaighe.
Bíonn sé thoir agus bíonn sé thiar, bíonn sé i ngarraidheannta Bhaile Átha Cliath, is mó a greim ná greim capaill is ní bhlasann sí don bhiadh.
Speal.
Cé mhéid cois ar ucht muilt.
Péire.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Bhriain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway