School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gceart. Ní fhaca tú aon bhean ar an tsaoghal ariamh comh beag toirt léithe. Shíl sé cinnte go mbéadh sí furust a cothú; nach níosfadh sí móran níos mó na truidéog.
Cibé mar bhí, rinneadh an cleamhnas; pósadh iad agus thug leis aniar an bhean bheag Chonnactach go dtí an bóthán ag cois na locha agus bhí sé sásta go maith d’en graithe.
Nuair a thainig an domhnach d’iarr sé uirthí an lachain bheag donn a mharbhadh. Bhí aois mhór aicí agus bhí sí gabhail ó mhaith ar scór an bith. Is doiche nach mbeirfeadh sí níos mó agus déanfadh sí ann lán seachtmhaine dhe’n bheirt aca.
Bhal, bruitheadh í agus cuireadh ar an tábla í fá choinne an dinneara. Ní mó na gur bhlas fear an toighe a dhinnear nuair a stad sé. Ach níor stad a bhean. D’ith sí agus phioc sí go dtí nach rabh fágtha ach na crámha loma. Bhí a fear ag amharc uirthi agus iontas (iontas) an domhain air fá’n ghoile sonnruigheach a bhí (aca) aicí.
“Deafaidh tú dochar duit fein”,arsa seisean. “Má itheann tú barraideacht”.
“Deamhan dochar no dochar” arsa sise.
“Ná d’íosfainn oiread eile dá mbíodh sé agam”
“A dhá oiread dá mbéadh sé agam” arsa seisean le tréan íontais agus le sin thuit sé siar i laige in a chathaoir.(continues on next page)- Collector
- A. Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Anna Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Tawnaghgorm, Co. Donegal