Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 67

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 67

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 67
  3. XML “Agus Tuilleadh dá mBíodh sé agam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gceart. Ní fhaca tú aon bhean ar an tsaoghal ariamh comh beag toirt léithe. Shíl sé cinnte go mbéadh sí furust a cothú; nach níosfadh sí móran níos mó na truidéog.
    Cibé mar bhí, rinneadh an cleamhnas; pósadh iad agus thug leis aniar an bhean bheag Chonnactach go dtí an bóthán ag cois na locha agus bhí sé sásta go maith d’en graithe.
    Nuair a thainig an domhnach d’iarr sé uirthí an lachain bheag donn a mharbhadh. Bhí aois mhór aicí agus bhí sí gabhail ó mhaith ar scór an bith. Is doiche nach mbeirfeadh sí níos mó agus déanfadh sí ann lán seachtmhaine dhe’n bheirt aca.
    Bhal, bruitheadh í agus cuireadh ar an tábla í fá choinne an dinneara. Ní mó na gur bhlas fear an toighe a dhinnear nuair a stad sé. Ach níor stad a bhean. D’ith sí agus phioc sí go dtí nach rabh fágtha ach na crámha loma. Bhí a fear ag amharc uirthi agus iontas (iontas) an domhain air fá’n ghoile sonnruigheach a bhí (aca) aicí.
    “Deafaidh tú dochar duit fein”,arsa seisean. “Má itheann tú barraideacht”.
    “Deamhan dochar no dochar” arsa sise.
    “Ná d’íosfainn oiread eile dá mbíodh sé agam”
    “A dhá oiread dá mbéadh sé agam” arsa seisean le tréan íontais agus le sin thuit sé siar i laige in a chathaoir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    A. Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79
    Seoladh
    Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall