School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cheannóchas sean-chailleach fáchoinne púidir ghunna”.
Lean mab an bhaile mhór é agus h-obair gur mharbhuigh siad é. Thainig sé abhaile annsin agus phioc sé na súile as g.beag. D’fág sé na sheasamh i sean mhainistir é. Thainig cait isteach annsin.
Agus arsa cat dubh leis an cat ruadh, “innis sgéal”.
“Ní innseotaidh mise na b’féidir go mbéad duine éiginteacht ag éisteacht liom”
“Rachfaidh mise amac” arsann cat dubh “agus amharcfaid mé”.
Thainig sé isreach agus dubhairt sé nach rabh duine ar bith le feiceal “Ta cáilín shuas annsin agus ta sí ag fághail bháis.
Acht ta tobar annseo”, ar seisean, “agus an té a mbéadh na súile fein pioctuighthe as agus é stroctha agus é féin a nighe ann. Léigheasfaidhe é agus dá bhfághadh an cáilín bolghan de’n uisge leigeasfaidhe í fosta”.
D’imthigh g. Beag annsin agus nigh sé é féin ins an tobar. Annsin thug se leis buidheál de’n uisge agus chuaidh go dtí an teach a rabh an cailín ann. Fuair sé lán mála airgid ar son an cháilín a léigheas. Chuaid sé abáile annsin agus an mála airgid leis. “Dá bpiocta thusa na súile asamsa án bhfuighinn an oiread sin airgid”, arsa G. Mór. Pioc G. Beag na súile as G.mór agus d’fág na seasam ins an mainistir. Thainig cait isteach agus arsa cat dubh leis an cat ruadh “innis sgeal”. “Ní innscotadh”, arsa seisean, “Na bhí duine éighinteact ag éisteact aréir na tá an cáilín seo suas léasta indiú”. Chuaidh siad amach annsin agus fuair siad g.mor agus stroc siad é. Bhí am breagh ag g. Beag annsin nuair nach rabh aon duine le triobiad a chuir air.- Collector
- Róisín Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Address
- Druminnin, Co. Donegal
- Informant
- Máire A. Ní Mhaírtín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Druminnin, Co. Donegal