Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 46

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 46

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 46
  3. XML “Gilbín Beag agus Gilbín Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cheannóchas sean-chailleach fáchoinne púidir ghunna”.
    Lean mab an bhaile mhór é agus h-obair gur mharbhuigh siad é. Thainig sé abhaile annsin agus phioc sé na súile as g.beag. D’fág sé na sheasamh i sean mhainistir é. Thainig cait isteach annsin.
    Agus arsa cat dubh leis an cat ruadh, “innis sgéal”.
    “Ní innseotaidh mise na b’féidir go mbéad duine éiginteacht ag éisteacht liom”
    “Rachfaidh mise amac” arsann cat dubh “agus amharcfaid mé”.
    Thainig sé isreach agus dubhairt sé nach rabh duine ar bith le feiceal “Ta cáilín shuas annsin agus ta sí ag fághail bháis.
    Acht ta tobar annseo”, ar seisean, “agus an té a mbéadh na súile fein pioctuighthe as agus é stroctha agus é féin a nighe ann. Léigheasfaidhe é agus dá bhfághadh an cáilín bolghan de’n uisge leigeasfaidhe í fosta”.
    D’imthigh g. Beag annsin agus nigh sé é féin ins an tobar. Annsin thug se leis buidheál de’n uisge agus chuaidh go dtí an teach a rabh an cailín ann. Fuair sé lán mála airgid ar son an cháilín a léigheas. Chuaid sé abáile annsin agus an mála airgid leis. “Dá bpiocta thusa na súile asamsa án bhfuighinn an oiread sin airgid”, arsa G. Mór. Pioc G. Beag na súile as G.mór agus d’fág na seasam ins an mainistir. Thainig cait isteach agus arsa cat dubh leis an cat ruadh “innis sgeal”. “Ní innscotadh”, arsa seisean, “Na bhí duine éighinteact ag éisteact aréir na tá an cáilín seo suas léasta indiú”. Chuaidh siad amach annsin agus fuair siad g.mor agus stroc siad é. Bhí am breagh ag g. Beag annsin nuair nach rabh aon duine le triobiad a chuir air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róisín Ní Mháirtín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Druminnin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire A. Ní Mhaírtín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Druminnin, Co. Dhún na nGall