School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 141
  3. XML “Eachtraí Oisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sa deireadh casadh buachaill Phadraig do agus mála beag salainn ar a dhruim aige. Thuit an mála ó’n bhuachaill agus ní rabh dul aige é a thóghail suas ar a [mhuin]? arais. Chrom Oisín anuas a chuidiú leis acht thuit sé ó mhuin an eich agus d’éirigh sé na sheanduine críon liath comh luach as bhuail sé an talamh.
    Lean sé buachaill Phadraig annsin. Chuaidh sé a chaint le Pádraig ach ní rabh gar do a bheith ag conspóid leis. Shíl Oisín nach rabh aonduine ioncurtha leis na Fianna.
    Ba abhaill an t-ainm a bhí ar an cháilín aimsire a bhí ag Pádraig agus bhíodh sí féin agus Oisín i gcomhnuidhe ag argóint le chéile. Dubhairt Oisín go bhfaca sé caor caorthainn a bhí comh mór le na meascán ime agus duilleóg eidheain comh mór le na srúbhán beag gann gortach aráin agus ceathramha lum a bhí comh mór le na mart.
    Thainig an Fháinleóg thart agus sgiobh leithe a fháinne agus d’éirigh sé dall annsin. Bhí doigh bhocht air gan lathair gan mhóthú.
    I dtrátha an ama seo bhí coileáin ag [coin]? Phadraig. Dubhairt Oisín leis an bhuachaill aimsire na coileain a cathamh suas ar mhuin an eich. Thuit siad uilig anuas ‘un talamh ach ceann amhain a chur ar cuid crúb i bhfastádh sa tseiche. Dubhairt Oisín leis an ceann sin a choinmeal go dtí go mbéadh sé an oiread seo d’aois agus na rudaí eile a bháthadh.
    Nuair a bhí sé bliadhain ann arsa seisean leis an buachaill aimsire, “An bhfeiceann tú cloch mhór ar an chroc
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Eoin Ó Gallchobhair
    Gender
    Male