Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Spiorad an Chamais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gátarach aige le tabhairt anocht. Chuaidh sé a' triail ar a sagart ar maidin amáireach agus d'innis sé dhó a scéul.
    "Ní bheidh baoghal ort" arsan sagart "ach mo chómhairle-se a thógáilt. Téirigh istoidhche amáireach" ar seisean "go dtí an áit ceapaithe agus beir leat buidéal uisge coisirthe. dein fáinne tímcheall ort fein leis an uisge agus bhí súirtála gan ao' spota a fágáilt gan fliucadh." Do thóg sé comhairle a' tsagairt agus do chuaidh sé a triall uirthe istoidhche amáireach agus is dóich liom go ndeagaidh duine éigin len-a chois.
    'Nuair a tháinigh sé go dtí an áit cheapaithe do dhein sé an fháinne 'na thímcheall agus do ghlaodhaigh sé uirthe, agus má ghlaodhaigh ní bhfuair sé ao' fhreagra.
    Do ghlaodhaigh sé an tarna h-uair uirthe agus b'é an sgéul céudna aige é. T'réis a' triú glaodhaigh d'airigh sé na slabharthaí a' corruighe agus do tháinigh sí, agus má'r tháinigh níor fhead sí dul 'na ghoire.
    Oidhche eile go raibh sagart a teacht ó bheith a' cur ola ar dhuine éigin tímcheall na h-áite seo do casadh an caillíoch air agus má'r casadh níor fhág sí ao' teasbach mór air. Do gheall se dhí dá leagfadh sí abhaile é go dtiocfadh sé a' triail uirthe airís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí