Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leaca na Gréine1.
Ar leaca na Gréine indé is mé múscailt mo bhó
Seadh do dhearcas lem' thaoibh an spéirbhean mhúinte dheas óg.
Do bhí lasadh na gcaor ar a sceimh agus a gruadha mar a rós,
Agus acúl triopallach léi síos go sáilibh a bróg.
2.
Do shuidheas-sa síos agus do shíneas ar phlámaireacht léi,
Agus ambassa má shuidheas, do bhí páirteach dá réir.
Má raoí tuirseach ó'n slighe, dein moill agus go lá tar liom féin,
Gheobhair leabaidh nách tuighe ar feadh mí má's gádhtar uait é.
3.
Am aice-se do shín sí síos le páirte agus le póg,
Agus do mheasas nách aon bhean saoghalta í do thárluig a'm treó.
Caithfead dul síos gan mhoill 'on bhlárnain le'm sceól
Go bhfacasa an fhlít ar a dtuinn a's í lán de ghunnaí treón.
3A
Do cheapas-a beart i dtigh an ósta aireir
Mar go bhfuil na mílte thíos ingátar go tréith
Caithfead dul síos gan mhoill 'on Blarnaigh lem' scéal
Go bhfacasa an fhlít ar a dtuinn a's í lán de ghunnaí tréan.
4. Níl yeoman cearth ná go mbeidh pantaloons air go sáil
Mar go bhfuighidh siúd ‘sleap’ ar theacht na dtriúpaibh thar sáil
Beidh ceól na bhfear agus na spearheaded a’dtabhairt annsúid go lá
Agus ólfam seo has gan tart ar ár Mhúirnín gael bán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Díormuid Ó Bríain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 54
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí