Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caillichíní
Bhí fear tímcheall na h-áite seo uair agus bhí sé pósta le mnaoi a bhí an-shaidhbhir.
Lá d'imthig sé a'fiadach 'na n-aonar agus an chonairt le n-a chois. Ní raibh sé i bhfad amuigh 'nuair do mhúscail sé girrfiadh agus b'eo na diaidh na gadhair go léir. Thugadar dhá uair a chluig á fhiadhach trí chnocaibh is gleanntaibh, trí choilltibh is riascaibh agus um thráthnóna agus an grian a' dul fé do dhein sí botháinín ar thaobh a' bhothair agus an marcach is a phaca go tiugh ar a sáilibh.
D'imthig sí isteach trí pholl a'bun a'dhorais agus do bhuail an fear a'doras isteach roimis na diaidh. Ní raibh pioch le feiscint ach sean-bhean chríon chaithe agus rud éigin mar a bheadh pócéar na láimh aice a'plé leis a'dteine.
Sar a raibh d'uain ag a' fear é féin do chosaint do léim sí air agus do mharbh sí é le n-a slaitín draoidheachta mar b'in abhí 'na láimh aice, agus do chuir sí é taobh amuigh de'n doras agus leach anuas air. (?)
Caillichín abhí insan ngirrfiadh mar san aimsir fadó ó shoin do dheineadh na caillichiní girrfhéidhthe diobh féinigh go lán minic.
Bhí sluagh eile a' fiadach fadó ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Finn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí