School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 245
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Deirtear go bhfuil Meachan Dá Thogha thar barr chun nioscóidí a leigheasú. Is amhlaidh a beiríghtear í ar thig iasachta, mar dá mbeiríghtí í 'do thigh fein ní dhéunnfadh sé an gnó in ao' chor.
    2. Bun a dhá thogha agus barr a dhá thogha
    Is a dá thogha feinigh.
    Brúgh agus bris iad agus ól mar dhig í
    Agus gheobhair fáiseamh.
    3.Deirtear gur an-leigheas ar ghortú, saiste-chnuic - í a bheiriú agus an t-uisge dh'ól. Go maith chun slaghdáin leis.
    4.Deirtear go bhfuil callfar (sórd cearóide fiaine) go maith leis ar gortú - an préumh a bheiriú agus í do bhogadh go maith agus í a chur suas leis a' ball gortuighthe.
    6. Deirtear dá mbeirfí Cos Dubh (sórd raithnigh- chlaidhe) do dhuine go mbeadh aicíd áirithe ("blasht") air agus é 'bheiriú dhó, go 'neósfadh sé dhuit a bhfuigheadh sé bás nó ná fahadh. Dá mbaeadh sé chun báis d'fhagháil do dhubhfadh sé sa bheiriú agus dá mbeadh sé chun téasnaimh go bhfanfadh sé glas mar abhí sé.
    7. Deirtear go bhfuil leigheas éigin a' bainnt le h-uisge na seacht gCloch mBán. Iad a bheiriú agus an t-uisge do chumilt leis a' mball tinn.
    8. Deirtear gu an-leigheas ar fháirní bainne - chích n'eun.
    9. Deirtear gur leigheas eile ar fháirní billeóg eidhneáin d'fághail do gach fháirne agus annsan na billeóga do bheiriú agus 'nuair a bheidís beirithe, an t-uisge agus na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish