School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 170
  3. XML “Caisleán Dhúin Eoghain agus Robálaithe Mara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-chaisleán ar a'dtaobh theas de Dún Eoghain go dtugtar Caisleán Dhúin Eóghain air.
    Taoiseach dob'eadh Eóghain go raibh mór-chuid tailimh aige sa pharóiste seo uair. Do deineadh a'caisleán sa le láimh Dé nach mór le scórnach caol a'dul isteach ann ó'n meadhon tír. Tímcheall trí fichid blian ó shoin fuair cómharsa linn creatlach ann pé rómhar a bhí aige á dhéanamh.
    Deirtear go mbíodh robálaidhthe a teacht tímcheall an dúin sa t-sean aimsir i lár na h-oidhche a'goid brithidheach agus do choscaigh Eóghain iad mar seo. Thug sé órdú do mhuintir na h-áite mór-thímcheall na beithídhigh go léir a thiomáint i dteannta a chéile i n-áit éigin giorrachta do'n chaisleán agus chuir sé a shaighdiúirí féin a'faire ortha ga'h-aon oidhche ar feadh i bhfad aimsire. Chuir sé éiric beag ortha i dtaobh iad a chosaint agus iad a shábháil doibh.
    Do chuir sin deire le goid na mbeithídheach.
    Tá sé ráidhte leis go raibh inghean aige at a'cailín ba bhreágha agus ba h-áille dár mhair riamh i n-Eirinn agus go mbíodh na robáluidhthe mara a'faire uirthe mar do bhí an cósta seo lán díobh an uair úd. Lá áirithe bhí Eóghain féin agus achuid saighdiúirí ar turas éigin gádhtarach agus b'éigin do a ingean a fhágailt sa chaisleán 'na aonar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork