School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán Diaga
“Aréir is me a'machtnamh ar Íosa Mac Áiar”
1.
Aréir is me a'machtnamh ar Íosa Mac Áthar
A daoradh le piantaibh go tréith insa pháis
Go raibh a mhín-chorp á ghearradh le sciúirsí go daingean
Ar an ndaor-chrois dá cheangal De h-Aoine chun báis.
2
Guidhim chughat-sa feasda a rí ghil na bhFlaitheas
Féachaint ar m'anam is gan mé leagaint chun báis
Gach saighead le peacha 'táim chroidhe 'stigh le fada
Do scaoileadh is do scaipeadh is do shaoradh led' ghrádh.
3.
A Íosa Mhic Mhuire saor sinnn ar a'dteine
Ná leag insa choire géir sinn go bráth.
Mar a mbíonn ceólta dá seinneadh, glóire dá lagaint,
Do gach naon bocht againn go réidhidh Dia a chás.
4
Séan-sa an peacha go bráth fad a mhairir
Le Bean-Rí na n-aingeal bíod ar do lámhaibh
Má dheineann tú seasamh agus an méid seo dod' pheacha
Ní baolach do t'anam go bhfuighid sé droch-bhás.(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork