Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Focail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pluaiseanna: "pits" do phrátaíbh
    Spairt: Móin ná fuil tirim go leor fós. Bíonn sé amuigh ar an bportach.
    Móin ladhra: Móin a deintear suas leis an láimh.
    Móin t-sleáin: Móin a deintear suas le sleán.
    Cogaríoch: Stróinséir i n-áit: duine go bhfuil curtha fé i n-áit ach ná rugadh ann.
    Gleám (laimhe): Clabht le taobh na láimhe - cur i gcás a marbhú coinnín.
    Ailic: Óise nach é an ailic é = nach é an "lob" é.
    Buairtheáin: Cocannaí bó.; cuirtear ar bharra a' bhacúis iad.
    Leás: Mar a bheadh bun bogha-cheatha sa speir; A leath is a leath idir bogha-cheatha agus scamaill; níos leithne ná bogha-cheatha.
    Grinneal: "sub-soil"
    Bodhrán:Rud i bhfoirm criathair agus tón croiceann ann is gan é pollta. Usáidtí é chun an arbhair do cháthadh.
    Biorrach: Fásann sé ar phortach. Cuirtear ar cheann a' tighe é i leabaidh tuighe.
    Seólthóirí diomhaoin: Samhail bád báidte a bhíonn amuigh ar a' bhfairrge a' seóltóireacht i n-aimsear stoirme mar rabhadh d'iascairíbh.
    Druiste: Bíonn cearcal adhmaid ar a bharr agus an chuid eile deunta de snaitheach miotail (wire) i an mála. Usáidtear é chun gual agus raice a bhíonn ar barr na dtonn ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. gluaiseanna (~227)
    Teanga
    Gaeilge