Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Biadh: DO bhí na daoine san am san an-fholáin mar bhíodh cothú breágh láidir acha.
Ní raibh puinn té ná súicre ná mórán cógúaisí eile ar siubhal. Bhíodar a' maireachtaint nách mór or prátaí, éisc agus leitin cois fairrge.
Bíodh cruithneacht ag na feirmeóirí móra, áfaigh, agus bróinte ach á meileadh, ceann nó mar sin ins gach baile. Níorbh fhearr leó an cothú atá anois againn ná mar ní raibh ao' taithíghe acha air.
Bhíodh prátaí acha agus iasc dearg leasaithe agus do bhíodh min coirce. Bhí bainne tearc san am san mar bhí bhí an paróiste seo ar d'á bhuin bainne.
Is amhlaidh do bheirítí corcán mór prátaí agus do chuirtí píosa éisc i mbarr a' chorcáin, nó mara ndeintí é sin do bhuailtí treasna na teine é dá róstadh.
Do chaithidís na prátaí ar a' mbórd agus an t-iasc anuas ortha agus do bhíodh ga' h-aoinne a' stoladh cuige annsan, gac-re greim acha idir prátaí agus iasc.
Bhíodh an t-iasc an-ghoirt agus d'ólaidís a n-dóithin uisce fuar 'na ndiaidh. Ní mhairfeadh na daoine atá ag eirighe suas indiu ar a' gcothú san i n-ao' chor.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí